Ghealaigh lá eile.
Bhí an buachaillín beag ina shuí go moch.
Ó thús lae bhí na céadta fáinleog bailithe le chéile ar mhullach an tí.
Ó am go ham d'imíodh ceann nó péire acu agus d'fhilleadh arís,
mar a bheidís ag breathnú ar an aimsir. Faoi dheireadh d'imigh péire is níor fhill siad.
D'imigh péire eile. D'imigh an tríú péire. Bhí siad ag imeacht i ndiaidh a chéile ansin
go dtí nár fhan ach aon scata beag amháin ar stuaic an tí. Bhí an péire a tháinig ar dtús an tráthnóna earraigh úd sé mhí roimhe sin ar an scata beag seo. Is cosúil go raibh leisce orthu an áit a fhágáil. Bhí Eoghainín á bhfaire ón aill. Bhí a mháthair ina seasamh lena ais.
D'éirigh an scata beag éiníní san aer agus thugadar aghaidh ar an Domhan Theas. Ag imeacht dóibh thar bharr na coille d'fhill péire ar ais - an péire a raibh a nead os cionn na fuinneoige. Anuas leo ón spéir ag déanamh ar Eoghainín. Thart leo ansin, iad ag eitilt in aice leis an talamh. Chuimil a sciatháin de ghrua an ghasúirín agus iad ag scuabadh leo thairis. Suas leo san aer arís, iad ag labhairt go brónach, agus as go brách leo i ndiaidh na coda eile.
'A mháthair,' arsa Eoghainín, 'tá siad ag glaoch orm. “Teara uait go dtí an tír a mbíonn an ghrian ag soilsiú i gcónaí ann - teara uait, a Eoghainín, thar na farraigí fraochta go dtí tír an tsolais - teara uait, a Eoghainín na nÉan!” Ní fhéadaim iad a eiteach. Beannacht agat, a mháithrín - mo mhíle míle beannacht agat, a mháithrín mo chroí. Táim ag imeacht uait… thar na farraigí fraochta… go dtí an tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí.'Lig sé a cheann siar ar ghualainn a mháthar agus chuir sé osna as. Cluineadh gol mná san áit uaigneach úd - gol máthar ag caoineadh a páiste. Bhí Eoghainín imithe i bhfochair na bhfáinleog.

Leathanach 21