Chuaigh an fómhar is an geimhreadh thart agus bhí an t-earrach ar fáil arís.
Bhí na coillte faoi dhuilliúr, is na huain ag méiligh, is an ghrian ag dealramh ar na bánta.
Tráthnóna glórmhar san Aibreán tháinig na fáinleoga.
Bhí solas iontach ag bun na spéire san iarthar mar a bhí bliain an taca sin.
Bhí séis cheoil ag an éanlaith sa choill. Bhí duan á chanadh ag na tonnta ar an trá. Ach ní raibh aon ghasúirín fionnbhán ina shuí ar mhullach na haille faoi scáth na bhfuinseog. Istigh sa teach bhí bean aonraic ag caí cois tine.
'… Is a mhaicín mhuirnigh,' ar sise, 'feicim na fáinleoga chugamarís, ach ní fheicfidh mé tusa chugam go deo.'
Chuala na fáinleoga í agus iad ag dul thar an doras. Níl a fhios agam an gcuala Eoghainín í, mar bhí sé na mílte míle i gcéin… sa tír ina mbíonn sé ina shamhradh i gcónaí.

22
Eoghainín na nÉan

Leathanach 22

Scéalta