“Céard a d’éirigh don leanbh?” ar sise.
“Titim isteach i Lochán na Luachra a rinne sí,” a deir an Deargadaol.
“Ar thóir bileogaí báite a bhí sí. Bhí mé ag dul thart ar an mbóthar agus chuala mé a scread.
Isteach thar claí liom. Ní raibh ann ach gur rug mé uirthi ar éigean.”
“Go gcúití Dia thú,” arsa mo bhean. D’imigh an bhean eile sula raibh am aici níos mó a rá.
Thug mo bhean an ruidín beag isteach, thriomaigh sí í, agus chuir a chodladh í.
Nuair a tháinig mé féin isteach ón bportach d’inis sí an scéal dom. Thug an bheirt againn ár mbeannacht don Deargadaol an oíche sin.
‘Lá arna mhárach thosaigh an cailín beag ag caint ar an mbean a shábháil í. “Bhí an t-uisce isteach i mo bhéal agus i mo shúile agus i mo chluasa,” ar sise; “chonaic mé tintreacha geala agus chuala mé torann mór; bhí mé ag sleamhnú, ag sleamhnú,” ar sise; “agus ansin,” ar sise, “mhothaigh mé an lámh timpeall orm, agus thóg sí ina hucht mé, agus phóg sí mé. Cheap mé go raibh mé sa mbaile nuair a bhí mé ar a hucht agus a seál timpeall orm,” ar sise.