Ón lá sin amach, bhí gach duine i mbaile Scheria – ainm na háite – sona sásta. Fuair gach duine mian amháin sa tseachtain. Scaip an scéal faoin leabhar draíochta gan mhoill agus tháinig a lán daoine go dtí an teampall.
Dá mbeadh Leabhar na Mianta i do bhailese, cad a d’iarrfá mar mhian? An chéad rud a tharla i Scheria ná gur iarr gach duine a bheith saibhir. Ach aisteach go leor, ní raibh maitheas ar bith leis an saibhreas tar éis tamaill. Bhí ór agus airgead ag carnadh i ngach teach, ach cad is fiú ór nó seoda áille nuair atá siad ag gach duine eile? Cad is fiú airgead nuair atá gach mian agat?

4