Ní raibh rath ar gach mian. Bhí cuid de na mianta amaideach, dáiríre. ‘Is breá liomsa mil a ithe,’ arsa buachaill amháin, ‘agus ba mhaith liom a bheith i mo chónaí leis na beacha.’ Ach rinneadh beach de féin agus bhí ar a dhaid iarraidh ar an leabhar draíochta a mhac a thabhairt ar ais dó. ‘Ba mhaith liomsa a bheith go hálainn,’ arsa cailín darbh ainm Chloe, ‘níos áille ná aon duine eile ar domhan.’ Ach tháinig brón uirthi nuair a chuala sí daoine ag gearán fúithi. ‘Tá tú go hálainn,’ ar siad, ‘ach bíonn tú ag smaoineamh ort féin an t-am ar fad.’
Ach ar an iomlán, bhí an saol go hiontach i Scheria. Bhí an pobal go deas, cineálta, spraíúil lena chéile. Bhí siad sona sásta ó mhaidin go hoíche. Nó sin mar a bhí go dtí gur tháinig an Prionsa Antinous go dtí an teampall.

6