Thosaigh siad ag smaoineamh ar mhianta nua. Ba mhaith liom eitilt sa spéir, a scríobh a lán páistí sa leabhar. B’fhearr go mór a bheith ag eitilt ná ag féachaint ar airgead. Tar éis cúpla seachtain bhíodh slua mór páistí ag súgradh le chéile thuas os cionn an bhaile, mar a bheadh éin ag bualadh a gcuid sciathán san aer.
Ní raibh tinneas ná galar ar aon duine, ar ndóigh. Theastaigh ó roinnt seandaoine a bheith óg agus roinnt daoine óga a bheith fásta suas. Fathach ab ea buachaill amháin ar feadh seachtaine, ach d’éirigh sé tuirseach de mar nach raibh sé in ann luí ina leaba féin san oíche.
Agus cén aimsir a bhí acu, dar leat? Samhradh mór fada a bhí in Scheria ach amháin nuair a bhí sneachta acu. Ba mhaith le roinnt daoine liathróidí sneachta a chaitheamh lena chéile agus fir shneachta a dhéanamh. Ní raibh ocras ar aon duine agus bhí an bia go hiontach: d’iarr cailín amháin pota draíochta a réiteodh bia blasta gach lá. Ní fada gur theastaigh pota den sórt céanna ó gach duine.

5