Gach staighre a chonaic Chloe, chuaigh sí in airde. Bhí sí sách cinnte gur thuas ag barr an chaisleáin a bhí an leabhar i bhfolach ag an bprionsa. Bhí brat urlár galánta ar na staighrí, rud a chabhraigh léi dul go ciúin ar a barraicíní. Bhí sí ag éisteacht go cúramach an t-am ar fad ach níor chuala sí aon duine eile. An torann ba mhó a chuala sí ná a croí féin ag bualadh. Bhí sceitimíní uirthi agus an leabhar draíochta á lorg aici, ach bhí eagla uirthi freisin. Dá mbéarfadh an Prionsa Antinous nó a ghiollaí uirthi, dhéanfaí frog di. Nó b’fhéidir go ndéanfaí ainmhí beag gránna di: scuid, nó damhán alla, nó ciaróg. An raibh aon rud ar domhan níos gránna ná ciaróg?
Chuaigh Chloe suas suas na staighrí go léir go dtí gur shroich sí barr an túir. Ní raibh aon áit níos airde ná é ach an díon lasmuigh. Ach bhí rud éigin aisteach faoin bpasáiste ar a raibh sí. Chas sí ar chlé ag barr an staighre agus lean sí an pasáiste go dtí gur tháinig sí ar ais go dtí an staighre arís. Ní raibh doras ar bith ar an bpasáiste. Ní raibh seomra ar bith thuas anseo. Shiúil sí an bealach ar fad timpeall an phasáiste arís agus fós ní fhaca sí doras ná seomra. An-aisteach.
An chéad rud eile a tharla ná gur éirigh an pasáiste dorcha. Cheap sí ar dtús go raibh scamall dorcha sa spéir lasmuigh. Ach nuair a d’fhéach sí ar an bhfuinneog, baineadh geit uafásach aisti. Bhí súil mhór reiptíle ag stánadh uirthi, súil a bhí dubh agus dearg. Bhí crúba géara an dragúin ar dhíon an chaisleáin agus an dragún ag gliúcaíocht isteach uirthi.

28