Ba bheag nár bhéic Chloe amach os ard. Ghlac sí céim siar i dtreo an staighre.
‘Fan ort,’ arsa an dragún. Bhí a ghlór íseal, ar nós madra ag drantán.
‘Nach bhfuil tú chun mé a ionsaí?’ Bhí Chloe ar crith le heagla.
Stán an dragún uirthi, agus a shúil ollmhór sáite inti.
‘Bhfuil an leabhar draíochta á lorg agat?’
‘Tá,’ arsa Chloe go tapaidh.
‘Má insím duit cá bhfuil an leabhar, an scaoilfidh tú saor mé?’ arsa an dragún. Ní drantán ach siosarnach a chuala Chloe ina ghlór anois.
Ghlac sí coiscéim i dtreo na fuinneoige agus a misneach ag méadú. ‘Nach bhfuil tusa in ainm agus mise a stopadh?’
‘An mhian a d’iarr an prionsa ná dragún a dhéanfadh gardáil ar a chaisleán. Ní dúirt sé faic faoin leabhar a ghardáil. Thug sé cead duitse teacht isteach agus mar sin ní gá domsa tú a mharú. Is rógaire é an prionsa ar aon nós.’
‘Tuigim. Sa chás sin,’ arsa Chloe go misniúil,’má insíonn tú dom cá bhfuil an leabhar, geallaim go n-iarrfaidh mé go scaoilfear saor thú.’
Sméid an dragún uirthi, agus caipín a shúile ag éirí agus ag titim go mall.
‘Tá an prionsa gléasta in éadaí gorma i gceann de na portráidí ar an mballa. Bog an phortráid agus feicfidh tú luamhán. Tarraing ar an luamhán sin.’

29