Shiúil Chloe síos an pasáiste go cúramach. Bhí a fhios aici go raibh an dragún ag faire go géar uirthi. Bhí a lán portráidí den Phrionsa Antinous ar an mballa, gach ceann acu níos leadránaí ná a chéile. Bhí pictiúir de ar muin capaill, pictiúir eile ina raibh claíomh mhór ina lámh, agus cinn eile fós ina raibh sé gléasta in éadaí costasacha. Dath gorm a bhí ar a chuid éadaí i bpictiúr amháin. Bhí sé éasca an phortráid a thógáil anuas den bhalla. Taobh thiar de, greamaithe sa bhalla, a bhí an luamhán. Tharraing Chloe air lena dhá lámh agus chuala sí torann díoscánach. Bhí doras rúnda ag oscailt sa bhalla in aice léi!

30