‘Go raibh míle maith agat arís.’
‘Go raibh maith agatsa, Chloe. Scaoil tú mé saor ón bhfear gránna seo.’ Chas an dragún go dtí an Prionsa Antinous. ‘Is cara liom an cailín seo. Má ghortaíonn tusa í féin nó aon duine dá cairde, stróicfidh mé do phálás ó chéile. Cuirfidh mé gach rud sa phálás trí thine, agus tusa istigh ann. An dtuigeann tú?’
‘Tuigim,’ ar an prionsa go pusach. Bhí sé ina sheasamh leis féin ar an bplásóg, gan cara ná giolla in aice leis.
‘Slán leat, a chailín mhisniúil.’
‘Slán agatsa, a dhragúin fhíochmhair.’
Bhuail an dragún a sciatháin go tréan, rud a chuir an ghaoth ag búiríl sna crainn. D’eitil sé suas suas sa spéir, ag éirí is ag rothlú leis go sásta.
Ar a slí abhaile dóibh, chan muintir Scheria amhráin chroíúla lena chéile.
‘An raibh an ceart agam gur scrios mé an leabhar?’ a d’fhiafraigh Chloe den sagart.
‘Bhí, cinnte,’ a d’fhreagair sé. ‘Rinne tú an rud ab fhearr ar fad.’

39