Maitheas agus Mórtas 

B’in an deireadh a bhí le Leabhar na Mianta. I mbaile Scheria, bhí na daoine brónach nach raibh a mianta le fáil acu níos mó. Ach ní froganna a bhí iontu níos mó agus bhí siad sásta gur scriosadh an leabhar draíochta. Bhí maitheas le fáil ón leabhar, ceart go leor, ach bhí sé róchontúirteach, mar a thuig an dia Janus nuair a chruthaigh sé Leabhar na Mianta.
Bhí an saol ar ais mar a bhíodh, a déarfá. Thosaigh an gabha ag déanamh tairní agus crúite capall arís. Thug an t-aoire aire do na caora sna páirceanna. Thug na feirmeoirí aire do na ba agus do na barraí a bhí acu. Ach bhí dhá athrú ar an saol ó tháinig Leabhar na Mianta go Scheria.
An chéad athrú ná ar an bPrionsa Antinous. Tar éis dó seasamh ar an bplásóg ina bhrístíní agus an slua ag féachaint air, ní raibh sé éasca a bheith lán de féin. Bhí sé fós beagán tiarnúil agus thaitin sé leis a rá le gach duine go raibh sé saibhir. Ach ar an iomlán ní raibh sé chomh postúil is a bhíodh cheana. Níor chreid sé go raibh sé níos fearr ná aon duine eile. Ní duine an-deas a bhí ann, ach bhí sé ceart go leor.

40