Bhí athrú ar Chloe freisin. Dá gcasfá léi ag tús an scéil, seans nach dtaitneodh sí leat. Bhíodh sí ag caint i gcónaí faoi cé a bhí dathúil, cé a bhí go hálainn agus cé nach raibh. Anois ní raibh suim aici i gcúrsaí faisin ná in éadaí áille. B’fhearr léi a bheith ag éisteacht lena cara an dragún ag insint scéalta di. Scéalta iontacha faoi na heachtraí móra a bhí aige. Agus nuair a cheapann do chara an dragún go bhfuil tú ciallmhar agus misniúil, tagann mórtas ort. Mórtas agus féinmhuinín den sórt is fearr.

41