Bhí an t-am ina stad. Bhíomar inár suí sa dorchadas. Gach soicind ag imeacht go mall, scanrúil. Bhí míniú uainn. Bhí freagraí uainn. Bhí fuascailt uainn.
‘Cén fáth nár thug an tiománaí fógra dúinn?’ Paisinéir in aice linn a bhris an ciúnas sa charráiste.
‘Seans nach bhfuil na callairí ag obair,’ arsa Charlie. ‘Ní féidir leis an tiománaí labhairt linn.’
‘Cad a tharlóidh anois?’ arsa paisinéir eile go crosta. ‘Tá deifir ormsa. Caithfidh mé traein eile a thógáil as Páras anocht.’
Léim beirt nó triúr ina seasamh. ‘An bhfuil a fhios ag aon duine cá bhfuilimid?’ arsa fear amháin. ‘An bhfuilimid in aice le bóthar nó le baile mór?’
‘Níl ceangal idirlín againn,’ arsa Charlie leis. ‘Ní féidir linn féachaint ar na léarscáileanna ar líne.’
‘Ach cad a tharla?’ arsa an fear go crosta. ‘An bhfuil cibirionsaí ar siúl? Na Rúisigh nó na Meiriceánaigh ag cur stop le gach rud?’
‘Ceapaim gur bhris an leictreachas síos,’ arsa Charlie. ‘Sin mar a dúradh sna ceannlínte nuachta a léigh mé sular stop an t-idirlíon ag obair.’
Bhí an cailín beag in aice linn ag iarraidh a deartháir a chiúnú. Bhí a mam ag féachaint go himníoch ar a guthán. Kadira ab ainm di. Bhí mo mham ag comhrá léi níos luaithe. Ba as tuaisceart na hAfraice don teaghlach agus bhí cónaí orthu i bPáras.
‘Ní féidir liom glaoch ar m’fhear céile,’ arsa Kadira le mo mham. ‘Beidh sé ag fanacht linn ag an stáisiún.’
Tháinig bean isteach sa charráiste agus éide Eurostar uirthi. Labhair sí go tapa i dtrí theanga dhifriúla. Bhí gach traein ina stad, ar sí. Theip ar an leictreachas ar fud na tíre. Dúirt sí linn fanacht ar an traein go dtí go mbeadh scéal nua aici.
Bhí a lán paisinéirí míshásta. Thosaigh siad ag argóint le bean Eurostar. Ach bhí uirthi imeacht go dtí na carráistí eile. Bhí gach duine ar bís an t-eolas a bhí aici a chloisteáil.

