Caibidil 12 

Uair an chloig níos déanaí a bhíomar ar an mbus. Mise, Charlie agus mo mham, Úna. An bheirt pháistí, Nadia agus Rayan, agus a mam, Kadira. Bhíomar go léir tuirseach, ocrach. Ach ní rabhamar buartha. Bhí áthas an domhain orainn go raibh an bheirt óg slán sábháilte.
Choimeád Kadira a lámha timpeall orthu. Bhí deora ina súile agus í ag féachaint orthu.
Thit Rayan ina chodladh ar an mbus. Is ansin a mhínigh Nadia an scéal i gceart. Bhí greim láimhe aici ormsa, ar sí, ach chuala sí a deartháir taobh thiar di. Bhí eagla ar Rayan. Bhí eagla air roimh na daoine móra a bhí ag deifriú amach as an traein.
Bhí doras an leithris ar oscailt. Bhí spás istigh ansin. Chúlaigh Rayan isteach sa spás. Chonaic Nadia é agus labhair sí leis. Scaoil sí a greim ar mo lámh. Chuaigh sí go dtí a deartháir. Cheap sí go bhfaca mise cad a tharla.
Ach dhún sí doras an leithris ar feadh nóiméid mar go raibh Rayan ag gol. Nuair a thriail sí é a oscailt arís, bhí sé faoi ghlas. Thriail sí é arís is arís eile.
‘Ghlaomar amach os ard ach níor chuala aon duine muid,’ a dúirt sí linn i bhFraincis. Bhí mo mham ag aistriú a cuid cainte dúinn. ‘Bhí eagla an domhain orainn go mbeimis ar an traein an oíche ar fad.’
‘Tá mé lánchinnte go raibh eagla oraibh,’ arsa Mam. ‘Bhí sé dubh dorcha agus sibh faoi ghlas sa leithreas. Sibhse bocht, bhí sé an-scanrúil ar fad!’
‘Bhí sé uafásach scanrúil,’ arsa Nadia. ‘Dúirt mé le Rayan go mbeimis ceart go leor. Ach ní raibh a fhios agam cad a tharlódh.’
‘Bhí tú an-mhisniúil,’ a dúirt mise léi. ‘Tá an-bhrón orm nach bhfaca mé Rayan. Tá brón orm...’
‘Ná déan leithscéal ar bith,’ arsa Kadira. ‘Shábháil tú mo chlann óg. Go raibh míle maith agaibh go léir. Bhí an triúr agaibh go hiontach.’

46