Scaip an scéal faoin leabhar draíochta i gcéin agus i gcóngar. Tháinig cuairteoirí go dtí an baile gach lá agus iad ar bís a fháil amach an raibh an scéal fíor. Duine de na cuairteoirí úd ab ea an Prionsa Antinous.
Cén sórt duine a bhí ann? Faraor bhí sé gan rath, gan mhaith. Ní air féin ar fad a bhí an locht. Ó bhí sé ina pháiste óg, bhí a fhios aige go mbeadh sé ina rí mór lá éigin. Deireadh a thuismitheoirí agus a ghiollaí é leis de shíor. Cén t-iontas go raibh sé postúil, lán de féin? Ach bhí cúrsaí níos measa ná sin. Bhíodh an Prionsa Antinous ag maíomh de shíor as a chuid éadaí breátha, a chapaill bhreátha agus an saibhreas mór a bhí aige. Thugadh sé pian sa chluas do gach duine a bhíodh ag éisteacht leis.
Rud eile fós, thaitin sé go mór leis a bheith ag magadh faoi dhaoine bochta. Deireadh sé leo go raibh siad gan mhaith. Maidir lena chairde féin, bhídís de shíor ag moladh a chuid éadaí faiseanta agus ag insint dó go raibh sé go hiontach. Ar mhaith leatsa cairde den sórt sin?
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](https://leighleat.com/rails/active_storage/blobs/redirect/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaHBBbjBXIiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJibG9iX2lkIn19--cc9c1fc9a657b93004ddd90eaa544fee95bde1b2/Lch_6-8.png)