Isteach sa Chaisleán 

D’fhág Chloe an caisleán agus an dragún, agus shiúil sí síos an cnoc go mall. Bhí lá fada caite aici; bhí a cosa tinn agus bhí ocras uirthi. Bhí úlla deasa ar na crainn ar thaobh an bhóthair, ach bheadh a bolg tinn dá n-íosfadh sí a lán díobh. Nuair a bhí sí as radharc ón gcaisleán, dhreap sí ar gheata adhmaid. Shuigh sí ar an ngeata, a cosa á luascadh aici agus í ag fanacht.
Bhí an ghrian ag dul faoi agus an spéir ag deargadh nuair a chonaic sí trí thrucail ag teacht ina treo. Bhí bairillí, flaigíní, potaí agus vásaí carnaithe go hard orthu. Léim Chloe síos ón ngeata agus labhair sí go dána le tiománaí an chéad trucail.
‘Tá sibh mall. Tá an Prionsa Antinous an-chrosta. Dúirt sé liom a rá libh deifir a dhéanamh.’
‘Ach dúirt sé linn teacht go dtí an caisleán nuair a bhí an ghrian ag dul faoi,’ a d’fhreagair an tiománaí.
‘Déanaigí deifir ar aon nós!’ Labhair Chloe go tiarnúil, chun go gcreidfeadh an tiománaí agus na giollaí í.
Nuair a shroich siad an caisleán, tháinig dath an bháis ar an tiománaí agus é ag féachaint ar an dragún ollmhór dearg.
‘Abair leis an dragún an cloigín a bhualadh,’ arsa Chloe go muiníneach.
‘A Dhragúin, buail an cloigín don phrionsa,’ arsa an tiománaí go stadach.

25