Lá breá geal i lár mhí Aibreáin. Deireadh seachtaine na Cásca agus an aimsir the den chéad uair i mbliana. Tá éadaí nua orm, T-léine agus sciorta gearr. Tá an T-léine gorm agus tá pictiúr de ghrian mhór bhuí ina lár. Sciorta buí atá orm agus bróga reatha bána. Ba bhreá liom donnú a chur ar mo chosa ach deir Mam gur fearr an dath nádúrtha. Bíonn na dathanna bréige sin róláidir agus ró-oráiste, a deir sí.
Bróga nua, dhá sciorta nua, an T-léine seo agus dhá bharr eile a cheannaigh Mam dom. Barr amháin bándearg atá gearr agus teann. An ceann eile dearg agus pátrún spraíúil air. Oireann dathanna geala dom. Tá mo chuid gruaige dubh agus mo shúile dorcha. Deir Mam agus Daid liom go bhfuil mé go hálainn ach níl mé féin pioc cinnte de sin.
Deir Mam go rachaimid ag siopadóireacht arís roimh na laethanta saoire móra i mí Iúil. Tá sí sásta íoc as éadaí nua má tá mise sásta dul ar saoire ar bhusanna agus ar thraenacha. Is breabanna iad na héadaí deasa, mar sin. Níl mé sásta faoin bplean saoire ach tá mé breá sásta glacadh leis na breabanna.
Tá sé deacair dom a mhíniú do mo mham cén fáth a bhfuil mé buartha faoin sórt saoire a bheidh againn. Tá mé níos óige ná formhór mo ranga. Is déagóirí óga sinn agus tá a lán rudaí nua ag tarlú inár saol. Tá sé an-tábhachtach dom a bheith cosúil le mo chairde. Má tá mé ródhifriúil le déagóirí eile, tá eagla orm nach mbeidh mórán cairde agam. Ach má deirim é sin le Mam, beidh sí ag iarraidh rud éigin a dhéanamh faoi. Freagra a fháil ar an bhfadhb, conas a bheith difriúil le gach duine ach fós a lán cairde a bheith agam.
Tá mé cairdiúil le Sinéad agus le Zara ó bhíomar sa naíonra. Tá Sinéad an-spórtúil ach ní maith liomsa mar a éirím salach nuair a bhím ag rith timpeall. Tá níos mó suime ag Zara in éadaí agus i seodra galánta ná i gcúrsaí spóirt. Tá a lán cairde aici. Tá sí cosúil le bláth álainn a mheallann na beacha go léir chuici. Má fhanaimse cairdiúil léi, beidh cairde go leor agamsa freisin.
Is í Zara a dúirt gur cheart dúinn pictiúir a roinnt ar ár ngutháin. Shocraigh sí grúpa príobháideach dúinn ar a guthán agus tá níos mó ná leath an ranga páirteach ann anois.

