Caibidil 3 

‘Ba mhaith liom dul ar saoire leatsa an samhradh seo, a Dhaid. Ní bheidh saoire faoin ngrian agam le Mam. Beidh turas eile againn ar bhusanna i mí Iúil, nó rachaimid ar bhád go dtí láithreán campála sa Fhrainc. Bhí na háiteanna campála sin go deas nuair a bhí mé beag. Ach tá mé tuirseach díobh anois.’
Rinne mo dhaid meangadh éadrom. B’fhearr leis a bheith ag gáire ná ag argóint. Ach ní féidir a bheith ag gáire i gcónaí.
‘An bhfuil a fhios agat,’ ar sé go réidh, ‘go bhfuil a lán daoine in Éirinn nach dtéann ar saoire ar bith, mar nach mbíonn dóthain airgid acu? Bheidís an-sásta leis na fadhbanna atá agatsa, a Róise.’
‘Tá a fhios agatsa nach freagra ceart é sin, a Dhaid. Tá brón orm faoi na daoine sin ach tá mise ag caint faoi mo shaol féin. Ba bhreá liom go rachadh an bheirt againne ar saoire le chéile, gan aon duine eile ag cur isteach orainn. Turas speisialta a bheadh ann!’
Tháinig an freastalaí leis an mbia agus leis na deochanna a d’ordaigh sé. Níor fhreagair mo dhaid mé ar feadh cúpla nóiméad.
‘Tá fáilte romhat teacht ar saoire liom, a stór,’ ar sé ansin, ‘agus le mo chlann go léir. Tá fáilte is fiche romhat. Beimid ag dul go Menorca i mí Iúil, mar a d’inis mé duit cheana. Is oileán é atá cosúil le hInis Meáin in Árainn ach go mbíonn an ghrian ag taitneamh ann gach lá.’
Bhí díomá orm lena fhreagra. Chroith mé mo cheann go docht. ‘Is leatsa ba mhaith liom dul ar saoire, a Dhaid, agus ní le do chlann nua. Cén fáth nach bhfuil tú sásta fiú seachtain amháin a chaitheamh liom?’
Bhain sé de a spéaclaí gréine. Ní raibh aon gháire ina shúile. ‘Ba bhreá liom níos mó ama a chaitheamh leat, a Róise. Ach níl a lán airgid agam i mbliana, sin í an fhírinne. Agus tá mé an-ghnóthach ar obair.’

11