Clocha, clocha, clocha. Bhí oileáin Árann lán de chlocha. Faic ach clocha ar gach taobh. Clocha ina mílte mílte.
Bhí ballaí cloiche i ngach áit. Iad ar gach taobh de na bóithríní. Iad timpeall ar na páirceanna beaga. Dúirt mo mham go raibh na ballaí go hálainn ach níor aontaigh mé léi. Bhí dath liath ar na clocha. Bhí an aimsir scamallach liath mar an gcéanna.
Rinneamar an turas as Má Nuad go Contae an Chláir ar an Máirt. Dúirt Mam go mbeadh sé ródhaor dul ag taisteal ag an deireadh seachtaine, nuair a bhíonn na praghsanna an-ard. Thógamar an traein go Gaillimh. Bhí sos beag agus lón againn. Bus as sin go Dúlainn ar chósta an Chláir. Dhá oíche i nDúlainn agus bád go dtí Inis Meáin inniu. An dath liathghlas céanna ar an bhfarraige, ar an spéir agus ar na clocha.
Is sráidbhaile deas é Dúlainn ach ní dúirt mé é sin le mo mham. Thógamar bus go dtí Aillte an Mhothair. Bhí mo mham an-sásta mar go raibh an bus saor in aisce. Bíonn na bóithre beaga plúchta le carranna, ar sí, agus is fiú go mór na busanna nua seo a thugann turasóirí ó bhailte sa cheantar go dtí na hAillte.
Tá Aillte an Mhothair an-ard, an-drámatúil agus dath dorcha orthu. Téann milliún go leith turasóir ar cuairt ar an gceantar gach bliain, a dúirt Mam liom. Is féidir féachaint ar na haillte ón gcosán atá go hard os cionn na farraige. Bhí slua ag siúl suas síos ag tógáil féiníní agus pictiúr eile. Ach níor bhac mise leis sin.
Thógamar bus eile go dtí baile darb ainm an Leacht, áit a bhfuil trá an-mhór. Tháinig an ghrian amach agus bhí dath aoibhinn glasghorm ar an bhfarraige. Chonaiceamar daoine ag surfáil sna tonnta. Bhí fonn ar Mham siúl trasna na trá ach dúirt mise léi go raibh tuirse orm. Leithscéal a bhí ann mar go raibh mé ar bís féachaint ar mo ghuthán.
Bhí mé ag fanacht le teachtaireacht ó Charlie. Nuair a mhínigh mé mo phlean dó, rinne sé gáire ar dtús. Ansin dúirt sé go gcabhródh sé liom. Ach b’fhéidir gur ag magadh a bhí sé. Níor chuala mé faic uaidh le dhá lá anuas. Tháinig eagla orm go n-inseodh sé mo phlean do dhaoine eile. Tháinig pian i mo bholg agus mé ag smaoineamh air sin.

