Bhí an aimsir fliuch ar maidin agus muid ar ár slí go dtí Inis Meáin. Ach d’fhan Mam amuigh ar an deic ag féachaint ar an bhfarraige. Bhí cóta báistí uirthi agus ba chuma léi faoi na ceathanna báistí. Bhí scamaill ag scuabadh trasna na spéire agus tonnta móra bána ag briseadh ar thaobh an bháid. Is breá léi an nádúr, is cuma cén aimsir atá againn.
D’fhan mise istigh sa chábán. Léigh mé mo leabhar agus smaoinigh mé ar na pictiúir a chuir mé chuig Charlie. Pictiúir a athróidh sé chun go gcreidfidh mo chairde go bhfuil mé thall i Londain faoi láthair.
Ní raibh guthán agam nuair a bhí mé i Londain ar saoire. Ach thóg mo dhaid a lán grianghraf agus chuir sé chugam iad nuair a fuair mé mo ghuthán féin. Is mór an rud é go bhfuil siad agam. Ba é an turas go Londain an ceann deireanach a rinne mé le mo mham is mo dhaid.
Tá an-eolas ag Charlie ar ríomhairí. Creidim gur buachaill cliste é agus gur féidir leis mo chuid pictiúr a athrú ar a ríomhaire. Tá mo chuid gruaige níos faide anois ná mar a bhí dhá bhliain go leith ó shin. Tá mo chuid éadaí difriúil. Ba bhreá liom a rá go bhfuil mé i bPáras nó i Milan nó i San Francisco ach ní raibh mé riamh sna cathracha sin. Beidh sé níos éasca labhairt faoi Londain. Ní mór an bhréag í. Dúirt mé le mo chairde roimh an deireadh seachtaine nár inis mo mham dom cá rabhamar ag dul. Surprise a bhí ann.
Stop an bháisteach nuair a shroicheamar Inis Meáin agus chuamar ag siúl. Tá dún mór gar don teach lóistín. Dún Uí Chonchúir a thugtar air. Tógadh é na mílte bliain ó shin. Níl a fhios ag aon duine cé a thóg é ná cén fáth. Is mistéir atá ann, a dúirt Mam. Bhí an-suim aici sa dún agus shiúlamar thart ar na ballaí móra.
Tháinig an ghrian amach go tobann. Tháinig dath geal lonrach ar na ballaí cloiche. Tháinig dath gorm ar an spéir agus ar an bhfarraige.

