Caibidil 8 

Roinn Éabha pictiúir de na seisiúin cheoil a raibh sí páirteach iontu leis an ngrúpa ranga. Roinn sí pictiúir den bheirt againn ag Dún Aonghasa. Chuir mise suas ceithre phictiúr de na hoileáin. Dúirt mé go raibh an aimsir go breá agus gur thaitin an turas go mór liom. Dúirt Éabha go raibh carr leictreach a muintire an-chompordach ach gur smaoineamh an-suimiúil é freisin taisteal ar bhus nó ar thraein. Fuair gach duine amach cén sórt saoire Cásca a bhí agam.
Coicís ina dhiaidh sin a fuair mé cuireadh ó Zara dul chuig a teach tráthnóna Shathairn. Cóisir speisialta do ghrúpa beag cairde a bheadh ann, ar sí. Tá cónaí uirthi i dteach mór nua ar imeall Mhá Nuad. Deir sí go bhfuil sé go hálainn. Ceapaim gur éirigh a tuismitheoirí saibhir le cúpla bliain anuas. Ní bhíodh cónaí uirthi i dteach an-mhór agus seo an chéad seans dom an ceann nua a fheiceáil.
Rinne sí físeán ar a guthán seachtain ó shin faoin gcúram a thugann sí dá craiceann. Rinne sí físeán eile den smideadh is fearr léi. Tá sí ag smaoineamh ar chainéal YouTube dá cuid féin a chruthú lá éigin. Beimid ag triail orainn smideadh agus éadaí deasa ag an gcóisir.
Is breá liomsa smideadh ach deir mo mham go bhfuil mé ró-óg dó. Deirimse léi go dtosaíonn a lán cailíní air i Rang a Sé nó nuair a théann siad ar an meánscoil. Tá mé buartha nach bhfuil mé ag coimeád suas le Zara agus leis na cailíní eile. Chuir mé dathú ar m’ingne in árasán mo dhaid cúpla uair. Bhí Bláthnaid sásta an dathú a thabhairt dom mar gur theastaigh uaithi a bheith go deas liom.
D’inis mé do mo mham gur cóisir bheag le mo chairde a bheadh ar siúl i dteach Zara. Níor luaigh mé an smideadh ná an gléasadh léi, i gcás nach dtaitneodh cóisir áilliúcháin den sórt seo léi. Tá mé beagán fásta suas anois agus ní gá dom gach uile rud a insint di.
Bhí Sinéad agus Gráinne sa teach romham. Táimid cairdiúil le Gráinne leis na blianta ach bíonn sí ag argóint le Zara anois is arís. Bhí cara eile le teacht ach bhí sí tinn.
‘Beidh mo chol ceathar Milly anseo go luath,’ arsa Zara ansin. ‘Tá cónaí uirthi i Londain ach tá sí féin agus a tuismitheoirí in Éirinn don deireadh seachtaine.’

28