‘Má fheiceann tú ar an mbóthar é,’ ar sise, ‘abair leis deifir a dhéanamh.’
‘Níl aon aithne agam air,’ arsa mise.
‘D’aithneofá go réidh é. ’Sé an buachaill is scafánta ar an bpobal é. Scorach óg lúfar, agus é ligthe déanta a chaitheamh.’
‘Má fheicim é,’ arsa mise, ‘inseoidh mé dhó go bhfuil tú ag fanacht leis.’
‘Déan, a mhaicín,’ ar sise.
Leis sin bhogas liom soir agus d’fhágas ina seasamh sa doras í. Bhí sí ann i gcónaí agus mé ag dul abhaile cúpla uair ina dhiaidh sin agus an t-ualach cíbe ar an gcarr agam.
‘Níor tháinig sé fós?’ arsa mise léi.
‘Níor tháinig, a mhuirnín. Ní fhaca tusa é?’
‘Ní fhacas.’
‘Ceal nach bhfacais? Ní mé beo céard a d’éirigh dhó.’
Bhí gotha báistí ar an lá.
‘Gabh isteach go mbí an múr thart,’ ar sise. ‘Is annamh a bhíos cuideachta agam.’
D’fhágas an t-asal agus an cairrín ar an mbóthar agus chuas isteach sa teach.
‘Suigh agus ól cupán bainne,’ ar sise.
Shuíos ar an mbinsín sa chlúid, agus thug sí deoch bhainne agus ruainne aráin dom. Bhíos ag breathnú thart timpeall an tí a fhad is a bhíos ag ithe agus ag ól. Bhí cathaoir in aice leis an tine agus léine gheal agus culaith éadaigh leagtha uirthi.

5
An Bhean Chaointe

Leathanach 5

Scéalta