Ba mhór an sásamh liom an socrú sin a bheith déanta agam ar an Máistir, agus ansin bhí mé ag scríobh ceisteanna chun é chur i bponc:

Ceisteanna ar an Máistir—

Dá mbeadh capall ann a rachadh 240 míle in aon ló, cé mhéad míle rachadh an capall céanna i dtrí chéad bliain?
Má fuair Tadhg Mór £59-16-113/4 ar thrí cinn de chaoirigh ar aonach an Daingin, cad a gheobhadh an Máistir ar an gcapall úd a chuaigh 240 míle i gceithre huaire fichead?
Cé mhéad cruach mhóna dhéanfad mála súiche?
Bhí mé ag gáire liom féin leis an sult agus níor bhraith mé faic go raibh an Máistir laistiar díom agus scairt mhór gháire curtha aige as. Rug sé ar an bpáipéar uaim agus léigh sé don scoil ar fad é!
Bhí an scoil go léir ag gáire.
Mheas mé go rachainn síos tríd an talamh le náire. Bhí béal mór ar Mhicilín Eoin ag magadh fúm. Dúirt mé leis fanacht go mbeirinn air tar éis na scoile.
Chroch an Máistir mo pháipéar bocht ar an mballa mar ábhar spóirt.
Deirim leat go raibh mé buíoch nár scríobh mé síos ann an bás úd a thug mé dó!

14
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 14

Scéalta