Cabidil 3: Scéal na gCnaipí i mBríste Jimín agus mar d'fhógair Cáit Sos Comhraic
Nach ait na rudaí gearrchailí. Ní bhíonn aon mhaith iontu chun aon ní ach chun screadaí nuair dhéanfá aon ní leo.
Tá ceann acu sa tigh againne: Cáit. Deirfiúr dom is ea í agus is óige í ná mise. Tá sí ina peata ag Mam, agus ní bhíonn sí á bualadh mar bhíonn sí do mo bhualadhsa, agus ní ceart é sin. Is fearr mise ná Cáit ar gach aon sórt slí, ach cad é an mhaith sin - ní bhfaighimse aon ní ó Mham ach an tslat agus faigheann Cáit peataireacht.
Má dhéanann Cáit aon rud as an tslí ní thugann mo mháthair di ach scríob dá teanga. Cuireann sé sin an óinsín ag gol. Dá mba mar sin a dhéanfadh Mam liomsa é nach agam a bheadh an saol breá!
Ach, níl aon mhaith i gCáit. Deir mo mháthair liom bheith ag imirt léi, agus bím, uaireanta. Ní fhéadfadh sí aon léim a chaitheamh, a dhuine, ná níl aon mhaith chun reatha inti. Bhí cnaipí deasa aici agus dúirt mé léi imirt, agus bhuaigh mé uaithi na cnaipí léir a bhí sa bhosca aici!