I gceann tamaill eile bhraith mé go raibh tairbhe éigin iontu mar thairg fear trí phunt déag an ceann orthu, agus chuir fear eile go dtí ceithre phunt déag iad; ach thugaidís go léir "sean-alfraits sprionlaithe" ar Dhaid nuair nach mbogfadh sé ó na hocht bpunt déag.
Faoi dheireadh bhain sé anuas deich scilling, agus nuair a chuaigh na ceannaitheoirí go dtí cúig phunt déag chaith Daid anuas deich scilling eile. Bhí siad ag druidim i gcóngar dá chéile mar sin go dtí ar deireadh nach raibh eatarthu ach leathshabhran.
Chruaigh an scéal ansin arís. Thagadh fear acu. Bhuaileadh sé stiall ar bheithíoch acu. "An mór iad seo?" a deireadh sé.
"Sé phunt déag deich a' ceann," a deireadh Daid.
"Sín amach do lámh," a deireadh an ceannaitheoir agus chaitheadh sé seile ar a bhois féin agus bhuaileadh sé buille den bhois sin anuas ar bhois m'athar.
"Tabharfaidh mé na sé phunt déag duit orthu," a deireadh sé. Ní bhíodh Daid sásta agus d'imíodh an ceannaitheoir sin agus é ar straidhn, agus cheapainn féin nach dtiocfaidh sé i ngiorracht páirce do m'athair ar feadh a shaoil arís. Ach tagadh arís agus arís eile agus faoi dheireadh deineadh an margadh nuair a bhailigh scata mór timpeall orainn féin agus ar an gceannaitheoir, agus dhein siad 'an difríocht a scoilteadh' dhá uair. Sé phunt déag seacht is réal a fuaireamar.