Tar éis na beithígh a chur sa traein is ea thángamar ar an tsráid. Chuaigh Daid ar lorg an airgid
agus chuaigh mé féin ag feachaint ar gach aon rud.
Áit an-mhór is ea an Daingean agus tá mórán daoine ann. Siopaí is mó atá acu.
Lucht tarta ar fad atá ann, ní foláir, mar deochanna is ea a bhíonn ar díol sna siopaí ar fad, is dóigh liom.
Ní fheadar cad a chuireann an tart go léir ar dhaoine sa Daingean.
Tar éis tamaill bhuail Daid arís liom. Bhí sé féin agus beirt eile ag teacht amach as teach. Chuir mé i gcuimhne dó go raibh mé ann agus fuair mé scilling uaidh. Thug an bheirt eile toistiún dom nuair a fuair siad amach gur mac le Daid mé.
"Is maith an garsún é, bail o Dhia air," a dúirt duine acu.
"Ní fada go mbeidh sé sin chun maitheasa agat, a Shéamais," arsa an fear eile acu le m'athair—ach d'imigh mé liom ag ceannach úll agus milseán agus brioscaí.
Ní fada in aon chor a sheas an scilling dom—tá an donas le daoire ar gach aon rud, agus níor mhór duit mála pinginí chun aon súlach a bhaint as lá sa Daingean.
I gceann tamaill eile chuaigh mé ar lorg m'athar agus fuair mé é féin agus Mam i lár na sráide thíos agus an bheirt acu ar mo lorgsa. Bhí sise á rá go raibh an garsúinín bocht caillte nó tite leis an ocras. Bhí Daid ag iarraidh a chur ina luí uirthi gurb amhlaidh nach bhfanfainn ina theannta, agus nach raibh aon bhaol orm.

28
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 28

Scéalta