Rug siad leo ansin mé ag ceannach bróg dom. Bhí péire stocaí ag Mam a thug sí ón teach.
Bhíomar i bhfad ag ceannach na mbróg. Triaileadh fiche péire orm sula rabhamar go léir sásta.
Ní dóigh liom féin go raibh aon duine sásta ach Mam. Ní raibh mise róshásta leis na bróga a fuair mé
mar bhí tairní iontu.
Bhí péire an-deas ann i mbosca, agus leathar bog tanaí iontu agus iad chomh héadrom le sop.
Ach theastaigh a deich fichead ó fhear an tsiopa orthu agus dúirt Mam gur deas fhéachfainn ag siúl pluda leo agus ag gabháil trí logáin uisce pé áit a bhfaighinn logán chun gabháil tríd.
Fuair siad péire breá láidir dom ar a seacht déag is réal agus buaileadh orm iad. Bhuail mé an doras amach leo, a mhic ó, agus suas an tsráid, leo.

29
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 29

Scéalta