Bhí an lá geal grianmhar agus iad ag teacht amach as an gcarr fada dorcha. Shiúil Clíona agus a mam ar chairpéad dearg go dtí an halla ársa ina raibh an searmanas ar siúl. Bhí sí an-sásta go raibh Dylan ar a cúl in éineacht lena mham siúd. Culaith bhán a bhí uirthise agus seamróg á maisiú.
Chuir lucht an Pháláis brú ar Chlíona agus ar a mam gúnaí galánta a chaitheamh, ach níor éist siad leo. Gnáthéadaí a bhí orthu: ceart go leor, d’fhág Clíona na jíons dubha leis na poill sna glúna ina seomra agus chaith sí treabhsar maith, T-léine fhada ghorm agus bróga dubha.
D’fháiltigh an Stiúrthóir rompu ag an doras, splancáil soilse na gceamaraí agus tugadh isteach sa phálás iad. Go tobann bhraith Clíona go raibh spás oscailte ina timpeall. Bhí sí i seomra ard, maorga, gan torann an tslua ina gcluasa. Lig sí a hanáil amach go mall.

36