Bhí a lán daoine thart uirthi fós, ar ndóigh: criúanna ceamara; polaiteoirí ina gcultacha dorcha; ambasadóir na hÉireann, bean a bhí go deas cairdiúil; ardeaspag aosta a raibh éadaí fada bána air; agus an Rí agus Sir Christopher. Bhí an Rí ag stánadh go géar ar Chlíona. Bhí clóca fionnaidh ar a ghuaillí agus coróin ard órga ar a cheann.
Thug ceathrar saighdiúirí an cás ina raibh an claíomh isteach sa seomra. Chuir siad ar an mbord é go sollúnta. Thóg an Stiúrthóir an claíomh, rinne sé píosa cainte nár éist Clíona leis agus ansin shín sé an dornchla chuici. D’ardaigh Clíona an claíomh, mar a chleacht sí sa phálás roimh ré. Chrom an Rí agus na fir eile ar a nglúine (agus chonaic sí nach raibh ach cúpla ribe gruaige ar a gcloigne). D’fhill mam Chlíona a lámha ar nós cuma liom faoin searmanas ar fad. Nuair a d’fhéach Clíona uirthi, chroith sí a guaillí.

