Níor fhan dá chuid féin air ach a léine; ach nuair a bhí an gúna air agus caidhp bhiorach
páipéir ar a cheann bhí sé ina ghearrchaile maith go leor.
Sceith na bróga air, áfach. Péire lena athair ba ea iad agus iad ró-mhór dó.
Is amhlaidh a bhíodh sé á dtarraingt ina dhiaidh agus gach aon phlup-phlap acu.
Ceathrar de lucht ceoil a bhí againn. Thug mé féin orgán béil liom a fuair Cáit ó m'aintín.
Ag Tumaisín Bán a bhí sé á sheinm i rith an lae.
Bhí trúmpa stáin ag Micilín a thug sé do Smulc. Thug duine mias mhor stáin leis agus bhí ag gabháil de mhaide air; agus bhí buicéad stáin ar sileadh le muineál duine eile agus bhídís a gceathrar ag séideadh is ag bualadh is ag greadadh i dteannta chéile agus dheinidís ceol breá.
Thug mé an tor cuilinn le hiompar do Pheats Mhicilín Dan, agus bhí lamhnán gaoithe ag Micilín Eoin a fuaireamar ó Thadhg Óg nuair a mharaigh siad an mhuc roimh Nollaig, agus bhíodh sé ag bualadh gach duine leis.
Bhí málaí ar chuid acu agus léinte fear ar a thuilleadh agus sean-sciorta lena mháthair ar chorrdhuine. Bhí blús gorm le Nell Mháire Aindí ar Mhicilín Eoin agus aon phioc di níor aithin air é gur chuimhnigh sí uirthi féin lá arna mhárach.
Teach Bheit Mhór an chéad áit a thriaileamar. Bhí mo chlaíomh ar tarraingt agamsa nuair mháirseálamar an doras isteach chuici. Bhuaileamar suas ceol di agus dheineamar rince ar an urlár. Dheineamar fáinne timpeall ar Bheit agus sinn ag damhsa.