Cúpla lá ina dhiaidh sin chualamar nach gcrochfaí Cóilín, gurb amhlaidh a maitheadh a anam dhó i ngeall ar a bheith chomh óg is a bhí, ach go gcoinneofaí sa bpríosún é ar feadh a shaoil.
‘“Ní choinneofar,” arsa Muirne. “A Íosa,” a deireadh sí, “ná lig dóibh mo mhaicín a choinneáil uaim.”
‘Is míorúilteach an fhoighid a bhí ag an mbean sin agus an mhuinín a bhí aici as Mac Dé. Is míorúilteach an creideamh agus an dóchas agus an fhoighid a bhíos ag na mná. ‘Chuaigh sí go dtí an sagart pobail. Dúirt sí leis, dá scríobhfadh sé go dtí muintir Bhaile Átha Cliath ag iarraidh orthu Cóilín a ligean amach chuici, gur cinnte go ligfí amach é.
‘“Ní eiteoidh siad thusa, a Athair,” ar sise.
‘Dúirt an sagart nach mbeadh maitheas ar bith i scríobh, nach dtabharfaí aon aird ar a litir; ach go rachadh sé féin go Baile Átha Cliath agus go labhródh sé leis na daoine móra agus go mb’fhéidir go dtiocfadh maitheas eicínt as. Chuaigh. Bhí Muirne lánchinnte go mbeadh a mac abhaile chuici faoi cheann seachtaine nó dhó. Dheasaigh sí an teach roimhe. Chuir sí aol air í féin, istigh is amuigh. Chuir sí beirt chomharsan ag cur dín nua air. Shníomh sí ábhar culaith nua éadaigh dhó, dhathaigh sí an olann lena lámha féin, thug sí go dtí an fíodóir í, agus rinne sí an chulaith nuair a tháinig an bréidín abhaile.
‘B’fhada linn gan an sagart ar fáil. Scríobh sé cúpla babhta chuig an máistir, ach ní raibh aon bharr nuaíochta sna litreacha. Bhí sé ag déanamh a dhíchill, dúirt sé, ach ní raibh ag éirí leis go maith. Bhí sé ag dul ó dhuine go duine ach ní mórán sásaimh a bhí aon duine a thabhairt dó. Ba léir as litreacha an tsagairt nach raibh aon dóchas aige go bhféadfadh sé aon cheo a dhéanamh. Níor fhan aon dóchas ionainne ach an oiread. Ach níor chaill Muirne an mhuinín iontach a bhí aici as Dia.
Leathanach 21