D'éirigh Tadhg Óg i ndeireadh na naomhóige agus d'iompaigh aniar féachaint
cad é an raic a bhí ar siúl i dtosach na naomhóige.
Nuair a chonaic sé mise chuir sé scairt gháire as.
"Sea, go bhfaighe mé bás den tart," ar seisean, "murab é Jimín féin atá ann."
Chaith athair Mhicilín a hata i dtóin na naomhóige.
"Bhuel, bhuaigh sin ar an saol!" ar seisean.
Ara, a dhuine, bhí an-spórt againn agus an naomhóg ina stad amuigh i lár na farraige. Bhí Donncha Pheig an-dúr agus, nuair a bhí siad ag déanamh comhairle lena chéile féachaint cad ab fhearr a dhéanamh liom, dúirt sé gur mhór an suaimhneas ar dhaoine é dá ndéantaí cloch a chur le mo mhuineál agus mé a chaitheamh go tóin poill, mar go raibh an Seanbhuachaill do mo phriocadh gach aon lá den bhliain. Dúirt athair Mhicilín nach mbainfeadh Arastotail aon cheart díom.
Bhí siad tamall maith ag argóint i mo thaobh, agus is é an socrú a dhein siad sa deireadh ná mé a choimeád sa naomhóig in éineacht leo go maidin, cé go raibh Donncha Pheig á rá ar feadh na haimsire gur cheart mé a chur abhaile, mar dá n-imíodh aon ní orm go mbeadh mo mháthair á dtabhairt féin chun cuntais.

Ghluaiseamar arís, agus i gceann leathuair an chloig nó mar sin, thángamar go dtí áit an iascaigh. D'éirigh an bheirt thiar as an rámhaíocht agus chrom siad ar an líon a chaitheamh amach—duine acu ar na coirc, agus an fear eile ar na clocha a bhí ceangailte ar a imeall íochtarach. Bhí Donncha Pheig ag ainliú na naomhóige, agus mé féin ag féachaint ar an obair.

102
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 102

Scéalta