Mheas mé nuair a bhí na líonta amuigh go bhfágfaí mar sin iad go maidin agus
go bhfanfaimis ar feadh na hoíche os a gcionn; ach ina ionad sin
tarraingíodh gach aon uair an chloig iad, go dtí a cúig a chlog ar maidin.
Is iontach an rud an fharraige istoíche. Bhí an oíche an-dorcha againn, agus
ní fheicfeá den talamh ach rud mór dubh a gcloisfeá an tonn ag briseadh i gcoinne na gcloch ag a bhun.
Nuair a bhíonn an dorchadas ann bíonn solas greannmhar sa sáile. Cheap mé go raibh an líon ar lasadh nuair bhí siad á tharraingt isteach. "Méarnáil" a thug Tadhg Óg ar an solas. Rug mé air, féachaint an raibh sé te, ach ní raibh.
An chéad uair a tharraingíomar na líonta ní raibh iontu ach timpeall leathchéad maircréal. D'aistríomar go dtí áit eile ansin agus thugamar cor eile. An dara tarraingt ní raibh ach trí mhaircréal iontu, agus madra éisc. Nuair bhí an madra istigh i dtóin na naomhóige againn bhí gach aon sceamh aige go dtabharfá an leabhar gur gadhar a bhí ann. Bhain athair Mhicilín a scian amach agus mharaigh sé é.
Go dtí a ceathair a chlog ar maidin níor bhuail aon ní fónta linn. Bhíomar ag druidim leis an mbaile gcónaí. Ar a ceathair dúirt siad go dtabharfaidís cor eile, agus go n-éireoidís as ansin. Bhí an lá ann an uair chéanna.

104
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 104

Scéalta