An chéad líon a tugadh isteach bhí corr-bhreac ann.
Bhí siad ag dul i dtibhe amach go dtí a dheireadh.
De réir mar bhí an líon ag teacht isteach bhí siad ag piocadh an éisc as, ach, dar fia,
nuair a tháinig an dara líon níor bhacamar le haon phiocadh ach líon agus iasc agus uile a chaitheamh isteach sa naomhóig. In áiteanna den líon bhí maircréal ar gach aon mhogall, dar leat.
Bhí a oiread sin éisc iontu gur shúncáil na líonta síos agus bhí saothar ar na fir ag iarraidh iad a tharraingt aníos, agus bhí leathcheann ar an naomhóig. Bhí obair mhór orainn, ach, ráinig linn sa deireadh iad go léir a thógáil isteach. Bhí ualach sa naomhóig, deirim leat, agus bhí a faobhar síos i ngiorracht sé órlach don uisce.
Bhí iasc agus líonta óna tosach go dtí a deireadh agus in airde ar na tochtaí agus sinne in ár suí aíuas orthu. Dúirt Tadhg Óg gur dócha go raibh trí mhíle éisc againn. Bhí Donncha Pheig féin sásta, agus dhein sé gáire—an chéad gháire ón uair a bhain mé féin an phreab as.
Thugamar aghaidh ar an mbaile ansin agus gan aon siúl mór fúinn toisc méad an ualaigh. Ba mhaith an scéal go raibh an uain chomh brea agus a bhí. Dá mbeadh aon bhorradh ann bheimis báite! Ach bhíomar ag cur dínn, agus i gceann tamaill mhaith bhaineamar ár gcuas féin amach, faoi bhun na dtithe.
Ach fan bog, áfach, go n-inseoidh mé conas a bhí an scéal sa bhaile i mo dhiaidh ar feadh na hoíche. Cáit d'inis domsa é a fhad a bhí Mam ag crú na mbó an tráthnóna ina dhiaidh sin, agus mise faoi ghlas sa seomra i mo phríosúnach. Trí pholl na heochrach a bhí Cáit ag caint liom.

105
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 105

Scéalta