De réir dealraimh bhí Mam ag glaoch ormsa chun dul ag iarraidh na mbó agus ní bhfuair sí aon toradh.
Ní mór an nath a chuír sí sa mhéid sin. Ba mhinic, slán beo sinn, nach bhfaigheadh sí toradh uaimse.
Níor tháinig aon an-imní uírthi go dtí a deich a chlog nuair ba cheart domsa bheith sa bhaile nó i mo chodladh.
Nuair nach raibh mé tagtha chuir sí mo thuairisc ar Cháit agus ar Dhaid, ach bhí siadsan dall ar cá raibh mé. Chuir sí Daid go tigh Mháire Aindí féachaint an ansin a bheinn. Nuair a tháinig sé gan mé chuaigh siad araon go dtí gach aon teach ar an mbaile, agus nuair nach bhfuair sí mo thuairisc in aon áit d'éirigh a croí uirthi.
Ruaigeadh as an leaba gach aon bhuachaill ar an mbaile agus ceistíodh iad. Cuardaíodh tithe bó, agus stáblaí, agus iothlainneacha ar mo lorg, ach aon phioc de thuairisc Jimín ní raibh in aon áit.
Tiomáineadh Daid leis an gcapall go tigh m'aintín cúig mhíle ó bhaile, féachaint le haon seans an ansín a bheinn imithe.
Bhailigh mná an bhaile timpeall ar Mham agus bhí siad a rá léi gan aon bhuairt a bheith uirthi, nach aon droch-rud a bhí imithe orm, agus go mbeinn chuici lá arna mhárach go seabhrach.
Gach re tocht uaignis agus feirge a thagadh ar Mham. Bhí sí á rá gur dócha go raibh deireadh lena buachaillín bocht gan chiall an turas seo, agus gur dócha gurbh é críoch a bhí i ndán dó é, mar ón lá tháinig siúl na slí ann nár scar an mí-ádh riamh leis, ná an imní léi féin.

106
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 106

Scéalta