Dúirt Cáit nach bhfaca sí riamh oiread drochmhisnigh ar Mham.
Bhí Máire Aindí agus máthair Mhicilín á cómhairliú teacht ar an taobh socair den scéal agus
gan bheith á cur féin chun tinnis i mo thaobh.
"Bhíomar go léir óg gan chiall," arsa Máire Aindí, "agus cá mór do Jimín bocht tamall a bhaint as.
Ní beag dó a luaithe a mhúinfidh an saol dó gur chun cruatain a rugadh sinn."
Lena linn sin tháinig Daid ó thigh m'aintín agus allas ar an gcapall aige. Nuair a chuala siad nach raibh mé i dtigh m'aintín thit an lug ar an lag acu. Níor fhan aon chaint ag na mná a bhí fara Mam. Is amhlaidh a bhídís as sin amach, ina ngasraí ag cogarnaigh ag binn an tí nó i dtithe na gcomharsana.
Nuair a bhí an lá ag breacadh chuaigh siad ina dtriúr agus ina gceathrar ar mo lorg ar fuaid na bpáirceanna agus cois na gclaíocha. Chuaigh siad barr na n-aillte siar, leis, agus iad ag iniúchadh síos, agus eagla orthu go bhfeicfidís Jimín bocht smiodartha thíos ar na clocha.
Tháinig siad ar bharr an chuais agus bhí siad ag féachaint síos tríd an uisce chun go bhfeicidís mo chorp i measc na feamnaí thíos ar an ngaineamh. Ní fhaca, dar ndóigh.
Níor fhan aon chaint ag aon duine ar an mbaile ina dhiaidh sin. Bhí gach duine ag imeacht go ciúin agus aon duine a labhraíodh is ag cogarnaigh a bhíodh sé. Tháinig Mam isteach abhaile agus shuigh sí ar an raca agus ní fhéadfadh aon duine focal a bhaint aisti.

107
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 107

Scéalta