Mar sin a bhí go dtí ag déanamh amach ar a leathuair tar éis a cúig.
Bhí Tadhg Mór ar an gclaí agus ráinig leis naomhóg a fheiscint ag déanamh ar an gcuas.
Ní mór an tsuim a chuir sé sa scéal ar dtús nó gur baineadh casadh éigin as an naomhóig.
Ansin thug Tadhg léim as a chorp agus ghlaoigh sé ar an gcuid eile.
"Féach an naomhóg sin," ar seisean. "Tá duine farana ceart inti."
Ach, toisc go raibh an naomhóg dírithe ar an gcuas arís, bhí siad i bhfad go raibh deimhniú scéil Thaidhg Mhóir acu. Ansin baineadh casadh eile as an naomhóig agus chonaic siad go léir an ceathrar.
Sin é an uair a tháinig a gcaint dóibh - gach duine ag caint agus gan aon duine ag éisteacht leis an dara duine ach á chur in úil go raibh 'fhios acu féin go maith cá raibh mé, ach nár mhaith leo aon ní a rá.
Rith duine éigin isteach go dtí Mam agus d'inis an scéal di. Siúd léi amach go dtí an claí, agus níor chorraigh sí, ná níor bhog a súil den naomhóig gur ghabh sí béal an chuais isteach. Ansin ghluais sí síos go dtí Leac a' Bháid agus fadhairt ina súil. Lean an baile go léir í.

Chomhairligh Tadhg Óg domsa, sula dtángamar don chuas, dosaen de 'stacairí' agus de mhaircréil shlána a chur ar chorda agus iad a bhreith go dtí Mam mar bhreab shíochána. Thuig mé gur mhaith an chomhairle í agus bhí mo strapa ullamh agam nuair a bhuaileamar taobh na leice.

108
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 108

Scéalta