Nuair a chonaiceamar an baile go léir romhainn sa chuas bhí iontas orainn cad a thug ann iad.
Ach nuair a chonaic mé féin Mam ina seasamh ar an leic thuig mé go maith cad a thug í sin ann.
Níor thaitin a scéimh liom, agus ba bheag liom mar chosaint na maircréil.
Bhí mé ag cur uaim, a dhuine; ach phreab mé as an naomhóig agus chuaigh mé faoina déin. Shín mé chuici an strapa éisc agus mé ar crith.
"Chugat féin a thug mé iad, a Mhaimí," arsa mise; ach, a mhic ó, oiread agus féachaint níor thug sí orm ach chomh beag agus nach mbeadh ionam ach portán trá. Mheas mé go rachainn síos tríd an talamh le náire mar bhí an baile go léir ag féachaint orm. In ionad aon toradh a thabhairt ormsa dhírigh Mam ar lucht na naomhóige.
"Bail ó Dhia oraibhse, a fheara," ar sise; "is tuisceanach agus is nádúrtha na comharsana sibh. Is maith an aire a thug sibh go mbeadh m'aignese ar a suaimhneas ar feadh na hoíche aréir. Táim buíoch daoibh, a fheara," ar sise, "agus gan a fhad sin de luíochán na bliana oraibh."
D'iompaigh sí de scuaib chun dul abhaile ansin.
Tháinig an scéal chomh mór sin gan orthu go raibh siad ansin ina stalca, balbh. Níor mhaith liom í á ndaoradh san éagoir.
"Níl an ceart agat chucu, a Mhaimí," arsa mise, "Ní raibh 'fhios acu go raibh mé—"
"Éist," ar sise; "Imigh suas abhaile."

109
Jimín Mháire Thaidhg

Leathanach 109

Scéalta