‘Cad faoi na milliúin ríomhairí? Agus na milliúin carranna? Ní féidir an locht ar fad a chur ar eitleáin. An stopfaidh tusa ag úsaid ríomhairí?’
Bhí orm argóint éigin a dhéanamh. Ach bhí an t-am ag
imeacht agus Mam ag fanacht liom.
‘An gcabhróidh tú liom an uair amháin seo, Charlie? Le do thoil?’
‘Ní bheidh an t-am agam obair ar na pictiúir go dtí
tráthnóna amárach. Ach dáiríre, smaoinigh arís ar do phlean, a Róise. Agus má athraíonn tú d’aigne, abair liom é.’

21