Caibidil 6 

Chaill mé mo mhisneach. Bhí sé ródheacair a bheith ag argóint le Charlie. Ní raibh aithne cheart agam air. Ní raibh muinín agam as. Bhí sé cliste ach b’fhéidir nár inis sé an fhírinne ghlan dom. B’fhéidir nach raibh sé in ann na grianghraif a athrú agus go raibh leithscéal á lorg aige. Chuir mé téacs chuige lena rá leis gan bacadh leo.
Smaoinigh mé ar phlean nua. Mo phlean ná a rá le mo chairde go bhfuil mé ar saoire in Éirinn, ag taisteal ó oileán go hoileán mar a dhéantar sa Ghréig. Feicfidh siad an ghrian ag taitneamh ar an bhfarraige. Tá aerfort beag ar gach oileán agus déarfaidh mé leo gur eitil mé féin agus mo mham go dtí Inis Meáin. Inseoidh mé dóibh go raibh ceoltóir an-cháiliúil ar an eitleán linn. Tagann daoine cáiliúla ar saoire go hÁrainn, a deir mo mham.
Ach níl sé éasca bréaga a insint, sin í an fhírinne. Tá díomá orm gur theip ar mo scéal faoi Londain. Agus tá fearg orm le Charlie. Deir sé nár cheart dúinn eitilt go minic. Ach tá mé cinnte gur thóg sé féin agus a dhaid eitleán go Sasana do na cluichí peile. Agus rachaidh sé ar eitleán eile go dtí an Spáinn i mí Iúil.
‘Seo linn,’ arsa Mam nuair a chas mé léi tar éis mo ghlao ar Charlie. ‘Táimid ag dul ag siúl le grúpa beag, ag féachaint ar bhláthanna fiáine an oileáin. Tá mé ag súil go mór leis.’
Go hiontach, a dúirt mé liom féin. Bláthanna fiáine, rud eile a thaitníonn go mór léi. Beidh an treoraí ag labhairt go leadránach faoi thábhacht an nádúir. Beidh ainmneacha móra fada ar na plandaí. Is cinnte nach mbeadh déagóir ar bith eile páirteach sa ghrúpa.
B’in a cheap mé ach ní raibh an ceart agam. Bhí triúr déagóirí eile ann, cailín agus beirt bhuachaillí. Aedín is ainm don treoraí agus tá sí óg, spraíúil. An chéad rud a thaispeáin sí dúinn ná planda fada a ghreamaíonn le do chuid éadaí. Thug sí an cailín eile amach os ár gcomhair. Rinne sí coróin den phlanda, chuir sí bláthanna beaga buí sa choróin agus chuir sí ar chloigeann an chailín í. ‘Is banphrionsa thú!’ ar sí, agus rinne gach duine gáire.

22