Rinne mise meangadh gáire mar go raibh Aedín an-chairdiúil linn. Ach bhí mé fíorshásta gur fhan mé ar chúl an ghrúpa. Is fuath liom seasamh amach os comhair grúpa ar thuras treoraithe.
Shiúlamar síos bóithrín fada caol. Bhí féar ag fás ina lár. Anois is arís stop Aedín agus thaispeáin sí bláth nó planda dúinn. Ansin thug sí planda dúinn le blaiseadh. Thriail mise é nuair a chonaic mé na déagóirí eile á bhlaiseadh. Copóg mhilis an t-ainm a bhí air. Bhí blas liomóide air agus gan é milis ar chor ar bith. D’aontaigh Aedín liom nuair a dúirt mé é sin.
An chéad uair eile a stopamar, chonaiceamar neantóga móra ag fás in aice leis an mballa. Tuigim go maith gan dul in aice le neantóga. Nuair a loisc neantóga mé cúpla bliain ó shin, cheap mé go raibh mo lámh agus mo chos trí thine. Chuimil Daid planda eile ar mo chraiceann, rud a rinne beagán níos fearr é.
Ach anois bhí a lámh ag Aedín ar na neantóga agus í ag gáire. Tá cumhachtaí draíochta agat, a bhéic cailín na coróine. Tá ungadh speisialta ar do lámha, arsa duine eile. Ach mhínigh Aedín gur féidir do bhosa a chur ar neantóga. Sin an chuid de do lámha a dhéanann bualadh bos. Níl gruaig ar bith ar do bhosa agus ní loiscfidh na neantóga iad.
Níor chreid mé í go hiomlán go dtí gur bhain mé triail as mé féin. Bhí iontas orm a chloisteáil freisin gur féidir linn neantóga a ithe. Bhí comhrá ag Aedín le Mam faoi na plandaí a thugann leigheas ar thinnis áirithe. An-suimiúil, arsa Aedín léi trí nó ceithre uaire. Tá mé cinnte go raibh Mam chomh sona sásta le banríon. Dá mbeadh coróin agam chuirfinn ar a cloigeann í.
Bhí an tsiúlóid níos suimiúla ná mar a cheap mé roimh ré. Bhí an-iontas orm go raibh an oiread bláthanna ag fás in áit atá lom, clochach. Stopamar ag geata páirce. D’oscail Aedín an geata agus dúirt sí linn féachaint síos ar an talamh. Bhí bláthanna beaga bídeacha ag fás in aice le carraig. Dath gorm a bhí orthu, an dath a bhíonn ar an spéir lá álainn sa samhradh. An dath céanna a bhí ar an spéir ag an nóiméad sin.

23