Chrom mé síos chun féachaint ar na bláthanna bídeacha. Dúirt Aedín nach bhfásann siad in aon áit in Éirinn ach in Árainn agus i gContae an Chláir. Bhí dath draíochtúil orthu, dath an-ghorm a bhí ag lonrú in aice leis na carraigeacha liatha. Rinne mé dearmad den Veinéis agus de na grianghraif nár athraigh Charlie. Scríobh Mam an t-ainm síos. ‘Ceadharlach’ a thugtar orthu, focal sách deacair ar bhláthanna beaga áille.
Ach tháinig pian i mo bholg arís nuair a d’fhéach mé ar mo ghuthán an tráthnóna sin. Bhí postáil nua á roinnt ag Zara. Bhí gúna lonrach gorm uirthi, an dath céanna le dath draíochtúil na mbláthanna. Bhí mála beag ar dhath an airgid ina lámh. Bhí an dath sin cosúil le dath na gcloch faoin ngrian. I mbialann ghalánta a bhí sí. Ní dúirt sí rud ar bith faoin stoirm sa Veinéis.
Léigh mé an rud a scríobh sí. Hé, cad fúibhse, a chailíní? Bhfuil sibh in áiteanna áille mar atá mise? Mé ag súil le bhur ngúnaí deasa a fheiceáil!!
Bhí pictiúir tógtha agam de na bláthanna gorma, den fharraige ghorm agus den ghrúpa siúlóide. Ach níor bhac mé iad a roinnt. Chaill mé mo mhisneach faoi mo scéal nua. B’fhearr dom a bheith i mo thost ná bréaga amaideacha a insint. Roinn mé féinín amháin a thóg mé, spéaclaí gréine orm agus an spéir ghorm os mo chionn. Ní dúirt mé cá raibh mé ná conas mar a thaistil mé ann.

24