An chéad lá eile thógamar bád go dtí an t-oileán is mó, Inis Mór. D’fhágamar ár gcuid bagáiste i seomra stórála in aice na cé. Fuaireamar rothair ar cíos. Bhí an aimsir an-bhog agus thosaigh mé ag cur allais. Bhí a lán daoine eile ag rothaíocht ar na bóithre beaga. Ansin shiúlamar suas cnoc an-mhór.
Suas, suas, suas. Bhí mo chosa ag éirí an-tuirseach faoin am a shroicheamar barr an chnoic. Bhí iontas orm nuair a chonaic mé an dún ollmhór a tógadh thuas ar an gcnoc ar imeall na farraige. Dún Aonghasa an t-ainm atá air agus tá sé ann leis na mílte bliain. Fadó fadó bhí daoine in Árainn a thóg Dún Aonghasa, Dún Chonchúir agus dúnta eile ar na hoileáin.
‘Na daoine a thóg na dúnta, bhí siad an-chliste,’ arsa Mam. ‘An gceapann tú gur shamhlaigh siad go mbeimís anseo inniu ag féachaint ar a gcuid oibre?’
‘Níl a fhios agam,’ a d’fhreagair mé. ‘Mistéir atá ann.’
Rinne Mam gáire faoi mo fhreagra. ‘Tá an ceart agat. Mistéir eile,’ ar sí. ‘B’fhéidir go mbíodh ócáidí móra ar siúl sna dúnta. Nó b’fhéidir go mbíodh naimhde ag ionsaí an oileáin agus go ritheadh na daoine suas an cnoc chun fanacht slán istigh sa dún.’
‘Caithfidh go raibh siad go maith ag rith,’ arsa mise. Chuir mé mo dhroim le balla agus tharraing mé m’anáil. Tá Dún Aonghasa ag féachaint amach ar an Aigéan Atlantach. Aigéan mór leathan. Farraige ollmhór ag síneadh go bun na spéire.
‘Ní raibh cónaí ar dhaoine istigh sa dún seo fadó,’ arsa Mam, ‘mar go bhfuil sé thuas ar chnoc an-ard. Níl tobar ar bith ar an gcnoc agus ní féidir a bheith beo gan uisce.’
Dhreapamar suas staighre cloiche agus shiúlamar ar bhalla mór leathan. Bhí radharc iontach le fáil ar leath an oileáin. Sheas mé ag féachaint air agus ansin shiúil mé síos staighre cloiche eile. Lean Mam uirthi ag siúl. Shuigh mise ar an bhféar agus mé ag féachaint ar an slua mór turasóirí. Bhí grúpa óg ina suí ar imeall na faille. Ní raibh balla ar bith idir iad agus an fharraige. Bhí a gcosa á luascadh acu os cionn an uisce a bhí i bhfad thíos fúthu.

