Thug sí barróg mhór domsa nuair a d’imigh Daid. Dúirt sí liom gur thuig sí go raibh díomá orm faoi Menorca. Dúirt mise go raibh sé ceart go leor. Ní raibh an turas saoire tábhachtach i gcomparáid le Fiadh a bheith tinn.
‘Rachaimid féin thar lear,’ arsa Mam. ‘Bhí plean agam dul trasna na farraige go dtí an Bhreatain Bheag. Ach rachaimid níos faide ó bhaile ná sin.’
Ní dúirt sí go rachaimis go dtí an Spáinn. Agus ní dúirt mise léi go raibh mé tuirseach de na fadhbanna móra i mo shaol. Cén fáth nach raibh rudaí go deas éasca domsa mar a bhí do dhaoine eile?
Ghlaoigh Charlie orm an chéad lá eile ag am lóin. Fuair sé téacs ó Bhláthnaid gur éirigh go maith leis an obráid. Bhí ríméad orainn go léir faoi sin. Ach bheadh Fiadh san ospidéal ar feadh roinnt laethanta. Ní bheadh cead againn dul ar cuairt uirthi san am sin.
‘Tá díomá orm nach mbeimid ag dul go dtí an Spáinn,’ arsa Charlie ansin.
‘Tá díomá ormsa freisin,’ a d’fhreagair mé.
Bhí tost eadrainn ar an nguthán ar feadh nóiméid. Bhí mé sásta gur ghlaoigh sé orm. Bhí déagóir amháin eile ar domhan a thuig an méid a bhí ag tarlú i mo shaol.
‘Bhí mé ag comhrá le mo dhaid féin ar maidin,’ ar sé. ‘Beidh seisean ag dul go dtí an Spáinn níos déanaí i mí Iúil. Téann sé ann gach bliain le beirt dá chairde.’
‘An rachaidh tú leis?’
‘Ní rachaidh. Bhí mé ann an bhliain seo caite agus bhí sé an-leadránach.’
‘Cén fáth?’ Chas mé le daid Charlie uair nó dhó. Fear cainteach a bhí ann ach ní dúirt sé mórán liomsa.
‘Imríonn sé galf an lá ar fad,’ arsa Charlie. ‘Bíonn sé féin agus a chairde ag caint faoi ghalf agus faoi pheil an t-am ar fad. Níl mórán suime agamsa galf a imirt.’
‘Ó, tuigim,’ arsa mise. ‘Is trua sin.’ Ach bhí mé beagáinín sásta nach mbeadh Charlie sa Spáinn agus mise ar bhus in áit éigin. ‘An bhfuil plean eile agat?’
‘Níl a fhios agam...’ ar sé. ‘Níl mé cinnte cad a cheapfá ach...’
D’fhan mé lena cheist. Is buachaill é atá cool agus cúthaileach ag an am céanna.

