‘Tá a fhios agam go mbeidh tusa ag dul ar saoire le do mham,’ ar sé ar deireadh. ‘An mbeadh sé ceart go leor...? Ba bhreá liom dul libh dá mbeifeása sásta?’
‘Ó,’ arsa mise. ‘Ó, is dócha...’ Bhí iontas orm faoin méid a dúirt sé. Bhí sé aisteach go raibh deartháir nua agam agus gan mórán aithne agam air.
‘Ní bheidh mé trioblóideach, a Róise. Tuigim go mbeidh orm labhairt le do mham Úna faoi. Ach theastaigh uaim an cheist a chur ortsa ar dtús.’

36