Chabhraigh Charlie le mo mham an turas saoire a phleanáil. Bhí an bheirt acu sona sásta ag féachaint ar na hamchláir go léir. Longa, traenacha, busanna. Bhí mise gnóthach agus mé ag glacadh páirte i gcampa spóirt le Sinéad. D’imríomar leadóg bhoird gach lá. Tá mé réasúnta maith ag an leadóg bhoird. D’imir mé peil cúpla uair freisin. Bhí mé ag cur allais ach dúirt mé liom féin go raibh sin ceart go leor.
I lár mhí Iúil a chuamar ar an turas saoire. Thógamar long as Baile Átha Cliath go dtí an Bhreatain Bheag. Traein as sin go Londain. Agus traein an Eurostar as Londain, príomhchathair na Breataine, go Páras, príomhchathair na Fraince. Bhí iontas orm nuair a d’inis Charlie dom gur féidir taisteal ar thraein idir an dá chathair.
‘Conas a thrasnaíonn an traein an fharraige?’ a d’fhiafraigh mé de. ‘Tá farraige idir an dá thír, nach bhfuil?’
‘Tá cinnte,’ ar sé, ‘agus tá tollán eatarthu atá 50 ciliméadar ar fad. Is é an tollán faoi uisce is faide ar domhan é.’
‘Tollán faoi uisce?’ arsa mise. ‘Tá tú á rá liom go mbeimid ag taisteal faoin bhfarraige ar ár slí go dtí an Fhrainc?
‘Beidh, a Róise.’ Bhí sceitimíní ar Charlie faoin turas. ‘Beidh sé go hiontach ar fad. Beimid ar cheann de na traenacha is tapúla ar domhan!
Bhí mise neirbhíseach go leor ag smaoineamh ar an turas faoin uisce. Níor chuir mé ceist ar bith eile ar Charlie faoi go dtí go rabhamar ar an Eurostar. Bhíomar inár suí ag bord agus radharc amach an fhuinneog againn ar chathair Londan ag imeacht tharainn.
Bhí a lán fíricí ag Charlie faoin traein, a d’fhoghlaim sé nuair a chabhraigh sé le togra aeráide a chara scoile. Luas 300 ciliméadar san uair ar an talamh. Luas 160 ciliméadar san uair sa tollán faoin bhfarraige. Sé charráiste dhéag lán de phaisinéirí. Turas dhá uair an chloig go leith. Níos tapúla ná dul ar eitleán idir Londain agus Páras, mar nach mbíonn turas fada amach idir lár na cathrach agus an t-aerfort.

