‘Ach conas is féidir tollán a dhéanamh thíos faoi uisce?’ a d’fhiafraigh mé. Bheartaigh mé an scéal a thuiscint i gceart sula rachadh an traein isteach sa tollán. Bheadh na freagraí ar fad ag Charlie, bhí an méid sin soiléir.
‘Ní raibh sé éasca, geallaim duit,’ ar sé go sásta. ‘Samhlaigh an obair a rinne na daoine a thochail é! Iad ag sclábhaíocht go crua thíos faoi bhun na farraige.’
‘Ach caithfidh go raibh meaisíní móra acu, Charlie. Ní raibh siad ag tochailt lena lámha, an raibh?’
‘Bhí meaisíní an-mhóra acu ach fós bhí na mílte daoine ag obair ar an tollán. Éireannaigh ab ea a lán acu, fir as Dún na nGall a rinne obair tochailte ar fud an domhain. ‘Tíogair na dTollán’ a tugadh ar na fir sin. Bhí saol crua acu ach thuill siad airgead maith.’
‘Caithfidh go raibh siad an-láidir,’ arsa Mam, a bhí fíorshásta go raibh comhrá bríomhar ar siúl idir mé féin agus Charlie.
‘Thochail siad trí thollán don Eurostar,’ ar sé ansin, agus é ag scrolláil ar a ghuthán. Is breá le Charlie fíricí ach níl suim ar bith aige sna meáin shóisialta. Ní roinneann sé pictiúir lena chairde ar Instagram ná Snapchat ná a leithéid.
‘Cén fáth trí cinn?’ arsa mise.
‘Tá tollán amháin ann do na traenacha a théann as Londain go Páras agus ceann eile do na traenacha sa treo eile, ar ais go Londain. Agus tá an tríú ceann ann do na daoine a thugann aire do na tolláin.’
‘Téann traenacha go dtí an Bhruiséil agus go dtí Amstardam sa tollán céanna leis na cinn go Páras,’ arsa Mam. ‘Agus tá traenacha eile ann a thógann carranna idir an dá thír. Tiomáineann tú isteach i gcarráiste mór i Sasana agus nuair a shroicheann an traein an Fhrainc, tiomáineann tú an carr amach.’
Smaoinigh mé ar na tochaltóirí agus ar an obair a rinne siad. Slua ag tochailt ó Shasana agus slua eile ón bhFrainc. Dá mbeadh na pleananna mícheart, ní chasfaidís lena chéile sa lár. D’fhéach mé amach an fhuinneog. Bhí crainn agus páirceanna le feiceáil againn fós. Ach ní fada go rachaimis síos faoin talamh. Agus ansin síos síos faoin bhfarraige.

