Tháinig pictiúr scanrúil i m’intinn. ‘Abair gur stop an traein sa tollán, Charlie? Nó go raibh an traein trí thine agus í thíos faoin bhfarraige? An féidir éalú as an tollán? ’
‘Tharla rudaí den sórt sin cúpla uair,’ arsa Charlie go socair. ‘Sin cúis eile a bhfuil an tríú tollán ann. Tá sé i lár báire, idir an dá cheann eile. D’éalaigh na paisinéirí isteach sa tríú tollán agus níor gortaíodh aon duine.’
Thiontaigh mé go dtí mo mham. ‘Éist leis sin, a mham! Caithfidh go bhfuil sé níos sábháilte ar eitleán ná i dtollán faoi uisce. Samhlaigh dá mbeimis i sáinn i bpoll dorcha thíos faoin bhfarraige?’
‘‘Téigh go réidh leis na scéalta scanrúla, Charlie!’ arsa Mam. Rinne sí meangadh leis an mbeirt againn. ‘Tá an Eurostar an-sábháilte ar fad. Bíonn na milliúin daoine ag taisteal air go slán sábháilte gach bliain.’
‘Tá brón orm, a Úna,’ arsa Charlie go héadrom. Tá sé an-bhéasach, thug mé sin faoi deara. D’fhéach sé síos ar a ghuthán agus fíricí nua á lorg aige. Nuair a bhíomar ar an mbád as Baile Átha Cliath ar maidin, chuir mé ceisteanna air faoin scoil, faoina chairde, faoin sórt ceoil a thaitníonn leis. Ach níor inis sé mórán dom. Níl mórán suime aige a bheith ag cur síos ar a shaol féin.
Bhí lá fada againn. Shroicheamar cuan Bhaile Átha Cliath ag a seacht a chlog ar maidin. D’fhág an long an cuan ag a hocht a chlog. Sheasamar ar an deic ag faire ar an gcuan mór leathan agus ar shléibhte Chill Mhantáin. Ansin shiúlamar thart ar an long ag féachaint ar na caiféanna agus ar sheomra na gcluichí. Bhí a lán spáis ar an long, rud a thaitin liom.
Shroicheamar an Bhreatain Bheag tar éis a haon déag a chlog. Bhí mo mham beagán crosta mar go raibh orainn fanacht uair an chloig don traein go Londain. Ach chonaiceamar sléibhte arda ón traein, bailte saoire cois farraige agus muilte gaoithe amuigh ar an uisce. D’imríomar cluichí cártaí agus cluichí focal ar an traein. Bhí Charlie go maith ag imirt ach bhí an bua agamsa trí nó ceithre uaire. Rinneamar a lán gáire nuair a bhíomar ag imirt.

39