Fuair Charlie téacs ó Bhláthnaid nuair a bhíomar sa bhialann. Grianghraif dár ndeirfiúirín Fiadh agus í ag súgradh sa bhaile. Éiríonn sí tuirseach go minic, a dúirt Bláthnaid, ach tá sí ag tosú ag ithe mar is ceart.
Léim mo chroí agus mé ag féachaint ar na grianghraif. Bhí beirt pháistí agus a máthair sna suíocháin trasna an phasáiste uainn. Bhí siad níos óige ná mise agus luigh an buachaillín síos i mbaclainn a mham. Bhí an cailín beag ag canadh di féin go bog. Beidh Fiadh ag fás suas go sona sláintiúil mar atá siadsan.
Ní fada go raibh mo shúile féin ag dúnadh. Tamall eile agus bheimís i bPáras. Soilse geala, foirgnimh áille agus bialanna galánta. Ní raibh mé i bPáras riamh cheana. Ceithre lá a bheidh againn sa chathair agus ansin traein an-tapa go deisceart na Fraince. Beimid in aice na farraige agus an t-uisce go hálainn. B’fhéidir go mbeidh an turas seo ceart go leor.
Bhí mé leath i mo chodladh. Chuala mé Charlie ag caint le mo mham faoi Pháras. Fíric éigin eile faoi na bealaí nua
rothaíochta sa chathair. Níos mó daoine ag rothaíocht ná ag tiomáint. Rud éigin mar sin.
Táimid chun casadh le muintir Éabha i bPáras. Tá mé ag éirí cairdiúil léi ó chasamar le chéile in Árainn. Tá mo mham agus máthair Éabha ag éirí an-chairdiúil le chéile. Rachaimid suas ar an Túr Eiffel agus déanfaimid turas báid ar an abhainn.
Tháinig athrú ar ghuth Charlie. Níor chuala mé cad a dúirt sé ach bhí an traein ag moilliú go tobann.
D’oscail mé mo shúile de gheit. Bhíomar tagtha amach as an tollán. Bhí an traein ag stopadh amuigh faoin tuath. Bhí an tráthnóna ag éirí dorcha. Bhí greim láidir ag a mbean trasna an phasáiste ar an mbuachaillín. Lig an cailín scread bheag.
‘Cuir do chloigeann síos i do lámha,’ arsa Mam liom, ‘agus tusa freisin, Charlie. Má stopann an traein go han-tobann, beimid ceart go leor.’
Chuala mé an imní ina glór. Ach bhí Charlie ag scrolláil go gasta agus é ag sábháil scéalta nuachta faoi dheifir. Dúirt
paisinéir eile nach raibh an t-idirlíon ag obair dó.
‘Tá rud éigin mícheart leis an leictreachas sa Fhrainc,’ arsa Charlie. ‘Tá gach aip ag dúnadh síos. Níl leictreachas ar fáil do na ríomhairí a choimeádann gach rud ag obair.’


