Cabidil 2: An Buachaill a bhí Dána i gCónaí.

Bhí Alex Zwick an-dána. Dhéanadh sé díreach an rud a dúradh leis gan a dhéanamh - i gcónaí.
Bhí a mhúinteoir, Clíona, foighneach leis ar dtús. Ach ní raibh aon mhaith ann. Dhéanadh Alex pé rud ba mhaith leis féin. Bhíodh sé i dtrioblóid go minic. Lá amháin, d'ith sé dhá dhosaen císte milis - chun a thaispeáint go raibh sé ábalta iad a ithe. Lá eile, líon sé a bhinse le damháin alla agus le péisteanna, ag ceapadh go n-íosfaidís a chéile (ach níor ith).
Faoi dheireadh, ghlaoigh Clíona ar a mham is a dhaid. Ní raibh sé éasca glaoch orthu. Ní sa bhaile a bhí siad, ach sa tSín. Bhíodh siad ar an taobh eile den domhan go minic. Ach nuair a chuala siad faoi na rudaí dána a rinne Alex, thosaigh a mham is a dhaid ag gáire.
'An chéad rud a dúirt an buachaill sin riamh ná 'Ní hea!' An freagra céanna i gcónaí,' arsa a mham.
'Ní thuigim.' 'Ní maith liom é.' 'Ní féidir liom.'

Thuig Clíona ansin nach raibh seans aici buachaill maith a dhéanamh d'Alex. D'fhéachadh sí air anois is arís agus brón ina súile. Dé Céadaoin a bhí ann, agus bhí Alex i dtrioblóid arís. Scaoil sé banda leaisteach trasna an tseomra ach léim Máirín de Brún as an mbealach. Bhuail an banda an múinteoir. Bhí fearg ar Chlíona. Stán sí féin agus Alex ar a chéile. Bhí an rang go léir ar bís.

2
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 2

Scéalta